Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:72-90 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

72. Glóirígí an Tiarna, a reo agus a shneachta go léir,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

73. Glóirígí an Tiarna, a léasa agus a scamallamolaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

74. Glóiríodh an talamh an Tiarna,moladh sé é agus móradh sé é de shíor.

75. Glóirígí an Tiarna, a shléibhte agus a chnoca,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

76. Glóirígí an Tiarna, a luibheanna a fhásann ar an talamh,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

77. Glóirígí an Tiarna a thoibreacha uile,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

78. Glóirígí an Tiarna, a fharraigí agus a aibhneacha,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

79. Glóirígí an Tiarna, a mhíola móra agus gach a ngluaiseann sna huiscí,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

80. Glóirígí an Tiarna, a éanlaith uile an aeir,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

81. Glóirígí an Tiarna, a ainmhithe agus a tháinte,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

82. Glóirígí an Tiarna, a dhaoine an tsaoil,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

83. Glóirígí an Tiarna, a Iosrael,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

84. Glóirígí an Tiarna, a shagarta,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

85. Glóirígí an Tiarna, a shearbhóntaí Dé,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

86. Glóirígí an Tiarna, a spiorada agus a anamacha na bhfíréan,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

87. Glóirígí an Tiarna, a naomha agus a ísle ó chroí,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.

88. Glóirígí an Tiarna, a Hanainiá, a Azairiá, a Mhíséil,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor,mar d'fhuascail sé sinn ó Sheól,sciob sé sinn ó chumhacht an bháis,shaor sé sinn ó lasair loiscneach na foirnéise,agus d'fhuascail sé sinn ó lár na tine.

89. Beirigí buíochas le Dia, mar is maith é,mar maireann a thrócaire go deo.

90. Glóirígí Dia na ndéithe, sibhse uile a adhrann an Tiarna,molaigí é agus altaígí dó,mar maireann a thrócaire le saol na saol.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3