51. Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia d'aon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:
52. Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,le moladh agus le glóiriú de shíor.Is beannaithe é do naomhainm uasal,le moladh agus le glóiriú de shíor.
53. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,le móradh agus le mórghlóiriú go deo.
54. Is beannaithe thú ag iniúchadh na nduibheagán agus i do shuí ar na ceiribíní,le moladh go hard agus le móradh go deo.
55. Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,le móradh agus le mórghlóiriú de shíor.
56. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe,le hadhmholadh agus le mórghlóiriú go deo.
57. Glóirígí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
58. Glóirígí an Tiarna, a aingle an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
59. Glóirígí an Tiarna, a spéartha thuas,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
60. Glóirígí an Tiarna, a uiscí os cionn na spéartha,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
61. Glóirígí an Tiarna, a chumhachtaí uile an Tiarna,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
62. Glóirígí an Tiarna, a ghrian agus a ghealach,molaigí agus móraigí é go hard de shíor.
63. Glóirígí an Tiarna, a réaltaí na spéire,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
64. Glóirígí an Tiarna, a bháisteach agus a dhrúcht de gach sórt,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
65. Glóirígí an Tiarna, a ghaotha uile,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
66. Glóirígí an Tiarna, a thine agus a theas,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.