Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:50-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu.

51. Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia d'aon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:

52. Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,le moladh agus le glóiriú de shíor.Is beannaithe é do naomhainm uasal,le moladh agus le glóiriú de shíor.

53. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,le móradh agus le mórghlóiriú go deo.

54. Is beannaithe thú ag iniúchadh na nduibheagán agus i do shuí ar na ceiribíní,le moladh go hard agus le móradh go deo.

55. Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,le móradh agus le mórghlóiriú de shíor.

56. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe,le hadhmholadh agus le mórghlóiriú go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3