Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:46-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

46. Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna.

47. D'ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde,

48. agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise.

49. Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach

50. i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu.

51. Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia d'aon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:

52. Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,le moladh agus le glóiriú de shíor.Is beannaithe é do naomhainm uasal,le moladh agus le glóiriú de shíor.

53. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,le móradh agus le mórghlóiriú go deo.

54. Is beannaithe thú ag iniúchadh na nduibheagán agus i do shuí ar na ceiribíní,le moladh go hard agus le móradh go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3