Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:33-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt;táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d'adhartha.

34. Ná tréig sinn ar fad ar son d'aimnagus ná bris do chonradh.

35. Ná tóg ar ais uainn do thrócairear son Abrahám do chara,agus Íosác do shearbhónta,is Iosrael do neach naofa,

36. ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe,agus le gaineamh ar thrá na mara.

37. Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile,agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí.

38. Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa,uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis,ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit,

39. agus trócaire a fháil os do chomhair.Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn,

40. mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbhagus leis na mílte ar dheich mílte d'uain mhéithe;gurb amhlaidh sin dár n‑íobairt inniu os do chomhair,i slí is go leanfaimid thú go hiomlán,mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa.

41. Anois leanaimid thú ó chroí lán;tá d'eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis.

42. Ná cuir náire orainn,ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachtaagus de réir do thrócaire rómhór.

43. Fuascail sinn de réir d'oibreacha taibhseacha,agus tabhair glóir do d'ainm, a Thiarna.

44. Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí;go raibh siad faoi tháir,a gcumhacht uile ar ceal,agus a neart go léir cloíte.

45. Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna,faoi ghlóir ar fud an domhain uile.

46. Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna.

47. D'ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde,

48. agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise.

49. Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach

50. i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu.

51. Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia d'aon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:

52. Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,le moladh agus le glóiriú de shíor.Is beannaithe é do naomhainm uasal,le moladh agus le glóiriú de shíor.

53. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,le móradh agus le mórghlóiriú go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3