Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar.

4. D'fhógair an callaire os ard: “A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t‑ordú atá tugtha:

5. cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí.

6. Ach má bhíonn aon duine nach dtitfidh síos agus adhradh a thabhairt, caithfear eisean láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.”

7. Uime sin a luaithe a chuala na daoine glór na hadhairce, an píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sort uirlise ceoil, rinne siad uile, idir chiníocha náisiúin, agus theangacha, iad féin a chaitheamh síos agus adhradh a thabhairt don íomhá óir a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar.

8. Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach.

9. Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!

10. Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir;

11. dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n‑adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.

12. Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d'orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.”

13. Ansin d'aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí.

14. Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n‑adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?

15. Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?”

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3