Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:29-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach.Pheacaíomar go móragus níor ghéilleamar do d'aitheanta.

30. Níor chomhlíonamar iad,ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinnar mhaithe linn féin.

31. Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn,gach a ndearna tú linn,tá siad seo déanta agat sa tslánchóir.

32. Thug tú sinn i lámha ár namhad,do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach,agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain.

33. Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt;táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d'adhartha.

34. Ná tréig sinn ar fad ar son d'aimnagus ná bris do chonradh.

35. Ná tóg ar ais uainn do thrócairear son Abrahám do chara,agus Íosác do shearbhónta,is Iosrael do neach naofa,

36. ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe,agus le gaineamh ar thrá na mara.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3