Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:20-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. agus d'ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

21. Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

22. Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d'iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.

23. Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

24. Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna.

25. Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá:

26. Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n‑aithreacha, a thuilleann moladh,agus moladh go deo le d'ainm.

27. Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíord'oibreacha go léir,is is díreach do shlite,is is fírinneach do bhreithiúnais.

28. Thug tú breith chóiri ngach ar sheol tú orainnagus ar chathair naofa ár n‑aithreacha, Iarúsailéim.Mar san fhírinne agus sa cheartthug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí.

29. Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach.Pheacaíomar go móragus níor ghéilleamar do d'aitheanta.

30. Níor chomhlíonamar iad,ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinnar mhaithe linn féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3