18. Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n‑adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.”
19. Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D'aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth
20. agus d'ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
21. Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
22. Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d'iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.
23. Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.