Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 13:6-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ghnáthaíodh na daoine seo teach Ióicím agus cách a raibh cúis dlí aige, thagaidís chucu.

7. Nuair a bhíodh na daoine bailithe leo um meán lae théadh Súsanna isteach i ngairdín a céile chun spaisteoireachta.

8. D'fheiceadh an bheirt sheanóir í gach lá ag dul isteach agus ag spaisteoireacht agus chrom siad ar líonadh le hainmhian inti.

9. Chlaon siad a n‑aigne agus d'iompaigh siad a súile chun nach mbreathnóidís suas chun na bhFlaitheas agus nár chuimhin leo éilimh na córa.

10. Bhí siad araon cloíte le hainmhian inti, ach gan a gcruachás a insint dá chéile,

11. mar go raibh náire orthu a saint chun luí léi a nochtadh.

12. D'fhair siad go fonnmhar gach lá chun í a fheiceáil.

13. Lá áirithe d'fhág siad slán ag a chéile ag rá: “Téimis abhaile, mar tá sé in am dinnéir,”

14. agus nuair a chuaigh siad amach scar siad ó chéile. Ach d'fhill siad araon arís agus bhuail siad lena chéile. Nuair a d'fhiafraigh fear den fhear eile cad ina thaobh, d'admhaigh siad a n‑ainmhian. Ansin i dteannta a chéile shocraigh siad uair ar a bhfaighidís faill uirthi ina haonar.

15. Lá eile agus iad ag faire ar a ndeis, chuaigh Súsanna isteach mar ba ghnáth léi, agus gan ach dhá ionailt léi agus b'áil léi fothragadh sa ghairdín mar bhí sé ina bhrothall.

16. Ní raibh neach ar bith eile ann ach an bheirt sheanóir a bhí i bhfolach ag faire uirthi.

17. Dúirt sí lena hionailtí: “Tugaigí chugam ola agus uinnimintí agus dúnaigí doirse an ghairdín go n‑ionlóidh mé mé féin.”

18. Rinne siad mar a d'aithin sí agus dhún siad doirse an ghairdín agus chuaigh siad amach taobhdhoras ag iarraidh na nithe a d'ordaigh sí, gan na seanóirí a bhí i bhfolach a fheiceáil.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 13