6. Ghnáthaíodh na daoine seo teach Ióicím agus cách a raibh cúis dlí aige, thagaidís chucu.
7. Nuair a bhíodh na daoine bailithe leo um meán lae théadh Súsanna isteach i ngairdín a céile chun spaisteoireachta.
8. D'fheiceadh an bheirt sheanóir í gach lá ag dul isteach agus ag spaisteoireacht agus chrom siad ar líonadh le hainmhian inti.
9. Chlaon siad a n‑aigne agus d'iompaigh siad a súile chun nach mbreathnóidís suas chun na bhFlaitheas agus nár chuimhin leo éilimh na córa.
10. Bhí siad araon cloíte le hainmhian inti, ach gan a gcruachás a insint dá chéile,
11. mar go raibh náire orthu a saint chun luí léi a nochtadh.
12. D'fhair siad go fonnmhar gach lá chun í a fheiceáil.
13. Lá áirithe d'fhág siad slán ag a chéile ag rá: “Téimis abhaile, mar tá sé in am dinnéir,”
14. agus nuair a chuaigh siad amach scar siad ó chéile. Ach d'fhill siad araon arís agus bhuail siad lena chéile. Nuair a d'fhiafraigh fear den fhear eile cad ina thaobh, d'admhaigh siad a n‑ainmhian. Ansin i dteannta a chéile shocraigh siad uair ar a bhfaighidís faill uirthi ina haonar.