56. Chuir sé é siúd i leataobh agus d'ordaigh sé an seanóir eile a thabhairt ina láthair. “A phór Chanán, agus ní Iúdá, mheall an scéimh thú agus thruailligh an ainmhian an croí agat.
57. Is mar sin a dhéanadh sibh le hógmhná Iosrael agus d'aontaigh siad libh le corp eagla; ach, féach, nár fhéad ógbhean Iúdá cur suas le bhur mí-iompar!
58. Inis dom, más ea: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a tháinig tú orthu agus iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann tuilm.”
59. Dúirt Dainéil leis: “Le fírinne, tá d'éitheach tugtha agatsa freisin le titim sa mhullach ort féin: féach, tá aingeal Dé, agus a chlaíomh ina láimh aige, ag feitheamh chun tú a ghearradh trí do lár, agus deireadh a bheith libh araon.”
60. Ansin liúigh an comhthionól uile go hard agus mhol siad Dia a shaorann gach n‑aon a chuireann a mhuinín ann.
61. D'éirigh siad suas in aghaidh na beirte seanóirí a bhí daortha óna mbéal féin ag Dainéil toisc gur thug siad fianaise bhréige,
62. agus chúitigh siad leo, de réir dhlí Mhaois, an íde éagórach a bheartaigh siad a dhéanamh ar a gcomharsa. Chuir siad an bheirt chun báis agus saoradh fuil neamhchiontach ón mbás an lá úd.
63. Thug Hilciá agus a bhean buíochas do Dhia ar son a n‑iníne Súsanna - rud a rinne Ióicím, a céile, agus a gaolta uile chomh maith - toisc nach bhfuarthas aon chúis táire inti.
64. Ón lá sin amach ba mhór é Dainéil i súile an phobail.