49. Filligí go láthair an bhreithiúnais mar is fianaise bhréige atá tugtha acu seo ina haghaidh!”
50. Bhrostaigh na daoine uile ar ais agus dúirt na seanóirí le Dainéil: “Tar, suigh inár measc agus nocht dúinn do smaointe mar thug Dia an ceart sin duit.”
51. Dúirt Dainéil leo: “Scartar iad seo i bhfad ó chéile agus ceisteoidh mise iad.”
52. Nuair a bhí siad scartha ó chéile ghlaoigh sé chuige ar dhuine díobh agus dúirt leis: “A iarlais aosta an oilc, tá ag filleadh anuas sa mhullach ort na peacaí a rinne tú roimhe seo,
53. nuair a thug tú breitheanna éagóracha ag daoradh na neamhchiontach agus ag scaoileadh na gciontach saor, cé go ndúirt an Tiarna: ‘Ná cuir chun báis an neamhchiontach ná an fíréan.’