Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 13:42-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

42. Ansin ghlaoigh Súsanna de ghuth ard: “A Dhia shíoraí, is léir duit na rúin, agus is eol duit gach ní sula dtagann sé chun críche;

43. is maith is eol duit gur fianaise bhréige a thug siad siúd i m'aghaidh. Seo mé anois ag dul chun báis! cé nach ndearna mé aon cheann de na nithe seo a chuir siad i mo leith go bréagach mailíseach.”

44. Thug an Tiarna cluas di.

45. Nuair a bhí sí á seoladh amach chun báis, spreag Dia naomhspiorad macaoimh óig darb ainm Dainéil,

46. agus ghlaoigh sé seo in ard a chinn: “Táimse neamhchiontach i bhfuil na mná seo!”

47. D'iompaigh an slua uile ina threo agus dúirt siad: “Cad é seo a dúirt tú?”

48. Sheas sé i lár an tslua, agus dúirt: “An bhfuil sibh chomh saonta sin, a chlann Iosrael? An bhfuil ógbhean de mhuintir Iosrael daortha agaibh gan cheistiú gan fianaise ar ar tharla?

49. Filligí go láthair an bhreithiúnais mar is fianaise bhréige atá tugtha acu seo ina haghaidh!”

50. Bhrostaigh na daoine uile ar ais agus dúirt na seanóirí le Dainéil: “Tar, suigh inár measc agus nocht dúinn do smaointe mar thug Dia an ceart sin duit.”

51. Dúirt Dainéil leo: “Scartar iad seo i bhfad ó chéile agus ceisteoidh mise iad.”

52. Nuair a bhí siad scartha ó chéile ghlaoigh sé chuige ar dhuine díobh agus dúirt leis: “A iarlais aosta an oilc, tá ag filleadh anuas sa mhullach ort na peacaí a rinne tú roimhe seo,

53. nuair a thug tú breitheanna éagóracha ag daoradh na neamhchiontach agus ag scaoileadh na gciontach saor, cé go ndúirt an Tiarna: ‘Ná cuir chun báis an neamhchiontach ná an fíréan.’

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 13