Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 13:31-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Bean lán de mhaise agus de scéimh ba ea Súsanna.

32. Ós rud é go raibh fial uimpi, d'ordaigh na scraistí é a bhaint di chun a háilleacht a bhlas go smior.

33. Bhí a muintir, agus a cairde, agus gach aon duine a chonaic í ag sileadh na ndeor.

34. Sheas an bheirt sheanóir i lár an tslua agus leag siad a lámha ar a ceann.

35. D'fhéach sise suas chun neimhe agus na deora lena súile, mar bhí muinín a croí aici as an Tiarna.

36. Dúirt na seanóirí: “Nuair a bhíomar ag spaisteoireacht linn féin sa ghairdín, tháinig an bhean seo isteach agus beirt ionailt léi. Dhún sí doirse an ghairdín agus chuir sí na hionailtí chun siúil.

37. Ansin tháinig ógfhear a bhí i bhfolach chuici agus luigh sé léi.

38. Bhíomarna i gcúinne den ghairdín agus nuair a chonaiceamar an choirpeacht seo, ritheamar chucu;

39. fuaireamar radharc soiléir orthu i mbarróg a chéile, ach níor fhéadamar breith ar an ógánach; bhí sé róláidir dúinn agus d'oscail sé na doirse agus theith leis.

40. Rugamar uirthi seo, áfach, agus d'fhiafraíomar di cérbh é an t‑ógfhear,

41. ach ní inseodh sí dúinn. Sin í agaibh ár bhfianaise.”Chreid an slua iad mar gur de sheanóirí an phobail iad agus gur bhreithiúna iad; daoradh chun báis í.

42. Ansin ghlaoigh Súsanna de ghuth ard: “A Dhia shíoraí, is léir duit na rúin, agus is eol duit gach ní sula dtagann sé chun críche;

43. is maith is eol duit gur fianaise bhréige a thug siad siúd i m'aghaidh. Seo mé anois ag dul chun báis! cé nach ndearna mé aon cheann de na nithe seo a chuir siad i mo leith go bréagach mailíseach.”

44. Thug an Tiarna cluas di.

45. Nuair a bhí sí á seoladh amach chun báis, spreag Dia naomhspiorad macaoimh óig darb ainm Dainéil,

46. agus ghlaoigh sé seo in ard a chinn: “Táimse neamhchiontach i bhfuil na mná seo!”

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 13