18. Rinne siad mar a d'aithin sí agus dhún siad doirse an ghairdín agus chuaigh siad amach taobhdhoras ag iarraidh na nithe a d'ordaigh sí, gan na seanóirí a bhí i bhfolach a fheiceáil.
19. Nuair a bhí na hionailtí imithe amach d'éirigh an bheirt sheanóir agus rith siad anonn chun Súsanna agus dúirt siad léi:
20. “Féach, tá doirse an ghairdín dúnta; ní fheiceann aon duine sinn, agus táimid i ngrá leat! Géill dúinn agus luigh linn!
21. Mura ndéana tú, tabharfaimid fianaise i d'aghaidh go raibh ógfhear farat agus gur dá bharr sin a sheol tú d'ionailtí uait.”
22. Lig Súsanna osna aisti agus dúirt: “Táim sáinnithe ar gach taobh: má ghéillim, is bás dom é; mura ndéanaim níl dul as agam uaibhse.
23. Ach is fearr liom titim gan choir in bhur lámha, ná peaca a dhéanamh os comhair an Tiarna.”
24. Liúigh sí in ard a cinn is a gutha, agus ghlaoigh na seanóirí ina coinne,
25. agus rith duine díobh agus d'oscail doirse an ghairdín.
26. Nuair a chuala giollaí an tí an liúireach sa ghairdín, rith siad isteach an taobhdhoras chun a fheiceáil cad a tharla di.
27. Nuair a bhí deireadh a scéil ráite ag na seanóirí, bhí na giollaí lán de náire mar nár dúradh a leithéid riamh i dtaobh Shúsanna.
28. Lá arna mhárach, chruinnigh na daoine go teach Ióicím, a céile. Tháinig an bheirt sheanóir ann, an t‑olc ina gcroí acu, agus rún acu Súsanna a chur chun báis.
29. Dúirt siad os comhair an phobail: “Cuirtear fios ar Shúsanna, iníon Hilciá, bean Ióicím!” Cuireadh fios uirthi.
30. Tháinig sise agus a tuismitheoirí, a clann, agus a gaolta go léir, ina fochair.
31. Bean lán de mhaise agus de scéimh ba ea Súsanna.