Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 11:31-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. “Tiocfaidh fórsaí uaidh a dhéanfaidh an Teampall is an dúnfort a thruailliú; cuirfidh siad deireadh leis an uileloscadh laethúil agus cuirfidh siad suas gráiniúlacht an léirscriosta.

32. Lena bhriathra milse meallfaidh sé lucht briste an chonartha, ach an mhuintir arb eol dóibh a nDia, seasfaidh siad an fód agus déanfaidh siad gníomh.

33. Déanfaidh saoithe an phobail mórán a theagasc, ach titfidh siad le claíomh agus le tine, le daoirse agus le creach, ar feadh roinnt laethanta.

34. Nuair a thitfidh siad, cabhróidh beagán leo; ach taobhóidh a lán leo trí mhealladh.

35. Titfidh cuid de na saoithe ionas go mbeidís scagtha glanta geal go dtí uain na críche, mar tá an aimsir chinnte le teacht fós.”

36. “Déanfaidh an rí de réir a thola, á mhóradh agus á ghloiriú féin thar gach dia; tabharfaidh sé maslaí uafásacha do Dhia na ndéithe; rithfidh leis go gcomhlíonfar an fhearg, mar tabharfar chun críche a bhfuil beartaithe.

37. Ní bheidh aird aige ar dhéithe a aithreacha, ná ar rogha na mban, ná ar aon dia eile, mar gurb é féin a mhórfaidh sé seach cách.

38. Ina n‑ionad seo tabharfaidh sé urraim do dhia na ndaingean; tabharfaidh sé urraim, le hór agus le hairgead, le líoga luachmhara agus le seoda, do dhia nárbh eol dá aithreacha.

39. Cuirfidh sé pobal de iasachta ag cosaint na ndúnta. Tabharfaidh sé móronóir dóibh siúd a thugann aitheantas dó; bronnfaidh sé údarás ar mhórán daoine orthu, agus é ag roinnt na gcríoch ar phraghas.”

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 11