Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 11:27-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. “An dá rí, beidh a n‑aigne dírithe ar an olc; labhróidh siad bréaga agus iad suite ag an aon bhord; ach is in aisce é, mar is ag an uair atá beartaithe a thiocfaidh an chríoch.

28. Fillfidh sé ar a thír le mórchuid saibhris, ach a chroí socair in aghaidh an chonartha naofa. Déanfaidh sé mar is mian leis, agus fillfidh ar a dhúiche féin.

29. Nuair a thiocfaidh an uain chinnte fillfidh sé chun an deiscirt, ach ní hé an scéal céanna a bheidh aige an turas seo agus a bhí i gcéaduair.

30. Mar tiocfaidh longa Chitím ina choinne, tiocfaidh eagla air agus cúlóidh sé. Fillfidh sé agus déanfaidh sé bearta le fraoch in aghaidh an chonartha naofa. Fillfidh sé agus tógfaidh sé ceann arís dóibh siúd a thréigeann an conradh naofa.”

31. “Tiocfaidh fórsaí uaidh a dhéanfaidh an Teampall is an dúnfort a thruailliú; cuirfidh siad deireadh leis an uileloscadh laethúil agus cuirfidh siad suas gráiniúlacht an léirscriosta.

32. Lena bhriathra milse meallfaidh sé lucht briste an chonartha, ach an mhuintir arb eol dóibh a nDia, seasfaidh siad an fód agus déanfaidh siad gníomh.

33. Déanfaidh saoithe an phobail mórán a theagasc, ach titfidh siad le claíomh agus le tine, le daoirse agus le creach, ar feadh roinnt laethanta.

34. Nuair a thitfidh siad, cabhróidh beagán leo; ach taobhóidh a lán leo trí mhealladh.

35. Titfidh cuid de na saoithe ionas go mbeidís scagtha glanta geal go dtí uain na críche, mar tá an aimsir chinnte le teacht fós.”

36. “Déanfaidh an rí de réir a thola, á mhóradh agus á ghloiriú féin thar gach dia; tabharfaidh sé maslaí uafásacha do Dhia na ndéithe; rithfidh leis go gcomhlíonfar an fhearg, mar tabharfar chun críche a bhfuil beartaithe.

37. Ní bheidh aird aige ar dhéithe a aithreacha, ná ar rogha na mban, ná ar aon dia eile, mar gurb é féin a mhórfaidh sé seach cách.

38. Ina n‑ionad seo tabharfaidh sé urraim do dhia na ndaingean; tabharfaidh sé urraim, le hór agus le hairgead, le líoga luachmhara agus le seoda, do dhia nárbh eol dá aithreacha.

39. Cuirfidh sé pobal de iasachta ag cosaint na ndúnta. Tabharfaidh sé móronóir dóibh siúd a thugann aitheantas dó; bronnfaidh sé údarás ar mhórán daoine orthu, agus é ag roinnt na gcríoch ar phraghas.”

40. “In uain na críche tabharfaidh rí an deiscirt faoi, ach tiocfaidh rí an tuaiscirt ina ruathar air mar chamfheothan gaoithe lena charbaid, lena mharcaigh, agus lena lán long, agus rachaidh sé isteach sna tíortha, gabhfaidh de ruathar tríothu agus leanfaidh air.

41. Tiocfaidh sé isteach i dtír na Glóire agus titfidh na deicheanna de mhílte. Ní éalóidh óna lámha ach Eadóm agus Móáb, formhór críoch chlainne Amón.

42. Sínfidh sé lámh amach in aghaidh na dtíortha, agus ní éalóidh tír na hÉigipte.

43. Beidh forlámhas aige ar chistí óir is airgid agus ar sheoda luachmhara na hÉigipte. Beidh Libiaigh is Aetóipigh ag lútáil dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 11