Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 11:19-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. “Tabharfaidh sé aghaidh ar dhaingne a thíre féin ansin, ach bainfear tuisle as, titfidh sé agus ní bhfaighfear é.

20. Ina ionad tiocfaidh duine a chuirfidh éilitheoir cánach trí ghlóir na ríochta, ach i mbeagán laethanta brisfear é agus ní i radharc daoine é ná ar pháirc an chatha.”

21. “Ina ionad tiocfaidh suarachán nár tugadh mórgacht ríoga dó: rachaidh sé isteach go ciúin agus gheobhaidh sé seilbh ar an ríocht trí chaimiléireacht.

22. Scuabfar sluaite chun siúil os a chomhair agus brisfear orthu, agus prionsa an chonartha mar chách.

23. Ón uair a dhéanfar conradh leis, imreoidh sé cleasa; agus tiocfaidh ann le beagán buíne.

24. Tiocfaidh sé gan choinne sna dúichí méithe den chúige, agus déanfaidh beart nach ndearna a aithreacha, ná a sheanaithreacha, ag scaipeadh creiche, slaide, agus éadála ina measc. Beartóidh sé in aghaidh na ndaingean, ach ar feadh aimsire amháin.”

25. “Músclóidh sé a neart agus a mhisneach in aghaidh rí an deiscirt le harm mór; fearfaidh rí an deiscirt cogadh ina aghaidh le slua rólíonmhar róchumhachtach, ach ní sheasfaidh sé mar síolfar cealga ina aghaidh.

26. An dream a chaitheann a bhia blasta leis, is iad a mhillfidh é; scuabfar a arm chun siúil agus titfidh na mairbh go líonmhar.”

27. “An dá rí, beidh a n‑aigne dírithe ar an olc; labhróidh siad bréaga agus iad suite ag an aon bhord; ach is in aisce é, mar is ag an uair atá beartaithe a thiocfaidh an chríoch.

28. Fillfidh sé ar a thír le mórchuid saibhris, ach a chroí socair in aghaidh an chonartha naofa. Déanfaidh sé mar is mian leis, agus fillfidh ar a dhúiche féin.

29. Nuair a thiocfaidh an uain chinnte fillfidh sé chun an deiscirt, ach ní hé an scéal céanna a bheidh aige an turas seo agus a bhí i gcéaduair.

30. Mar tiocfaidh longa Chitím ina choinne, tiocfaidh eagla air agus cúlóidh sé. Fillfidh sé agus déanfaidh sé bearta le fraoch in aghaidh an chonartha naofa. Fillfidh sé agus tógfaidh sé ceann arís dóibh siúd a thréigeann an conradh naofa.”

31. “Tiocfaidh fórsaí uaidh a dhéanfaidh an Teampall is an dúnfort a thruailliú; cuirfidh siad deireadh leis an uileloscadh laethúil agus cuirfidh siad suas gráiniúlacht an léirscriosta.

32. Lena bhriathra milse meallfaidh sé lucht briste an chonartha, ach an mhuintir arb eol dóibh a nDia, seasfaidh siad an fód agus déanfaidh siad gníomh.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 11