5. d'ardaigh mé mo shúile agus d'fhéach mé:Seo fear in éadach lín, agus crios d'ór fíre timpeall a choime;
6. bhí a chorp mar bheiril,a cheannaithe ar dhealramh na tintrí,a shúile mar lóchrainn lasracha,a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa,foghar a bhriathar mar ghlór slua.
7. Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach.
8. Fágadh i m'aonar mé ag faire na físe móire seo; d'imigh mo neart, d'athraigh mo lí chun uafaireachta, agus chaill mé mo lúth.
9. Ansin chuala mé fuaim a bhriathra agus le fuaim a bhriathra thit mé i dtámhnéal ar mo bhéal agus ar m'fhiacla ar an talamh.