17. Agus conas is féidir le searbhónta do thiarna labhairt le do thiarna, mar nach bhfuil aon neart fágtha ionam agus gan anáil ionam.”
18. Bhain an té a bhí ar dhealramh duine liom arís agus neartaigh mé.
19. Dúirt sé: “Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!” Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: “Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.”
20. Ansin dúirt sé: “An eol duit cén fáth ar tháinig mé chugat?Caithfidh mé filleadh chun catha le prionsa na Peirse; nuair a bheidh mé réidh leis, féach, tiocfaidh prionsa na Gréige.