Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 1:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán.

10. Dúirt máistir na gcoillteán le Dainéil: “Is eagal liom an rí a shocraigh bia agus deoch daoibh mar go bhfeicfeadh sé go mbeadh sibh i gcló níos measa ná na hógáin comhaois daoibh. Ba bhaol do mo cheann an rí agaibh.”

11. Labhair Dainéil leis an stíobhard a chuir máistir na gcoillteán i bhfeighil Dhainéil, Haniainiá, Mhíséil agus Azairiá:

12. “Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól.

13. Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n‑ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.”

14. Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá.

15. I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d'ith bia blasta an rí.

16. Thóg an stíobhard uathu dá bhrí sin a mbia blasta agus an fíon a bhí le hól acu agus dháil orthu na glasraí.

17. Dála an cheathrar ógánach seo, bhronn Dia orthu eolas agus clisteacht san uile fhoghlaim agus eagna; agus bhí tuiscint ag Dainéil ar fhíseanna agus ar aislingí de gach sort.

18. Nuair a tháinig an t‑am a d'ordaigh an rí iad a thabhairt ina láthair, thug máistir na gcoillteán isteach os comhair Nabúcadnazar iad.

19. Labhair an rí leo, agus ina measc uile ní bhfuarthas neach mar Dhainéil, Hanainiá, Míséil agus Azairiá. Uime sin d'fhóin siad don rí.

20. I ngach cúis eagna agus tuisceana dár chuir sé faoina mbráid fuair sé iad níos fearr faoi dheich ná lucht draíochta agus asarlaíochta uile a ríochta.

21. D'fhan an scéal amhlaidh ag Dainéil go dtí an chéad bhliain de réimeas Chíorais.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 1