Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 1:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó.

8. Ach bheartaigh Dainéil nach dtruailleodh sé é féin le bia blasta an rí ná leis an bhfíon a bhí á ól aige; d'iarr sé, uime sin, ar mháistir na gcoillteán a cheadú dó nach dtruailleodh sé é féin.

9. Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán.

10. Dúirt máistir na gcoillteán le Dainéil: “Is eagal liom an rí a shocraigh bia agus deoch daoibh mar go bhfeicfeadh sé go mbeadh sibh i gcló níos measa ná na hógáin comhaois daoibh. Ba bhaol do mo cheann an rí agaibh.”

11. Labhair Dainéil leis an stíobhard a chuir máistir na gcoillteán i bhfeighil Dhainéil, Haniainiá, Mhíséil agus Azairiá:

12. “Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól.

13. Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n‑ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.”

14. Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá.

15. I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d'ith bia blasta an rí.

16. Thóg an stíobhard uathu dá bhrí sin a mbia blasta agus an fíon a bhí le hól acu agus dháil orthu na glasraí.

17. Dála an cheathrar ógánach seo, bhronn Dia orthu eolas agus clisteacht san uile fhoghlaim agus eagna; agus bhí tuiscint ag Dainéil ar fhíseanna agus ar aislingí de gach sort.

18. Nuair a tháinig an t‑am a d'ordaigh an rí iad a thabhairt ina láthair, thug máistir na gcoillteán isteach os comhair Nabúcadnazar iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 1