4. ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo.
5. Dháil an rí orthu lón gach lae den bhia blasta ó bhord an rí agus den fhíon a d'óladh sé féin. Bhí siad le hoiliúint ar feadh trí bliana, agus, i gceann na haimsire sin, le freastal ar an rí.
6. Ina measc seo bhí Dainéil, Hanainias, Míséil, agus Azairiá de threibh Iúdá.
7. Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó.
8. Ach bheartaigh Dainéil nach dtruailleodh sé é féin le bia blasta an rí ná leis an bhfíon a bhí á ól aige; d'iarr sé, uime sin, ar mháistir na gcoillteán a cheadú dó nach dtruailleodh sé é féin.
9. Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán.
10. Dúirt máistir na gcoillteán le Dainéil: “Is eagal liom an rí a shocraigh bia agus deoch daoibh mar go bhfeicfeadh sé go mbeadh sibh i gcló níos measa ná na hógáin comhaois daoibh. Ba bhaol do mo cheann an rí agaibh.”
11. Labhair Dainéil leis an stíobhard a chuir máistir na gcoillteán i bhfeighil Dhainéil, Haniainiá, Mhíséil agus Azairiá:
12. “Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól.
13. Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n‑ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.”
14. Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá.
15. I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d'ith bia blasta an rí.