Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 8:15-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Molaimse mar sin an t‑aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.

16. Nuair a leag mé m'intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú,

17. d'aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint,

18. fiú amháin mura gcodlaíonn sé lá ná oíche.

19. Dá mhéad dá saothraíonn sé ag cuardach na tuisceana dó, ní bhfaighidh sé í; fiú amháin má mheasann an saoi féin go bhfuil sí aige, ní eireoidh leis fios fátha an scéil a aimsiú choíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 8