Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 8:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.

2. Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.

3. Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé.

4. Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”

5. An té a choimeádann a aithne, ní dhéanfar díth ná dochar dó agus is eol do chroí an eagnaí an t‑am agus an modh ceart chun nithe a dhéanamh.

6. Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.

7. Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal?

8. Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.

9. Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m'intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.

10. Ansin chonaic mé lucht míghníomha á gcur le barr toirtéise: agus nuair a thagadh na daoine ón áit naofa, mholtaí an lucht mí-ghníomha sa chathair mar a ndearna siad a ndrochbhearta. Baois is ea é seo go deimhin.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 8