Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 6:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir, d'ainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n‑imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann,

5. agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd.

6. Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna?

7. Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh.

8. Cén buntáiste atá ag an eagnaí ar an amadán nó ag an duine bocht féin a thuigeann conas é féin a iompar i láthair daoine.

9. Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine - baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

10. Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.

11. Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as?

12. Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 6