Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 5:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.

2. Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.

3. Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.

4. Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh.

5. Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: “Dearmad ba ea é.” Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh?

6. Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.

7. Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu.

8. Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.

9. An té a ghráíonn an t‑airgead ní bhíonn a shá de aige choíche agus an té a ghráíonn an saibhreas ní bhfaighidh sé aon sochar as - baois is ea é seo chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 5