Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 3:14-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.

15. An ní atá ann anois, bhí sé ann roimhe seo; agus an ní a bheidh ann, bhí sé ann cheana agus bíonn Dia ag síorathnuachan na nithe a bhí ann tráth dá raibh.

16. Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine.

17. Arsa mise liom féin: “Tabharfaidh Dia breithiúnas ar an dea-dhuine agus ar an droch-dhuine araon, mar tá a ionú féin ag gach gnó agus gníomh ansin.”

18. Arsa mise liom féin arís: “Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad a thástáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhithe.”

19. Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.

20. Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís.

21. Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh?

22. Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 3