Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 3:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:

2. tráth breithe, tráth báis,tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,

3. tráth maraithe, tráth leighis,tráth leagtha, tráth tógála,

4. tráth goil, tráth gáire,tráth caointe, tráth rince,

5. tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch,tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg,

6. tráth cuardaigh, tráth caillte,tráth coimeádta, tráth caite,

7. tráth stróicthe, tráth fuála,tráth tosta, tráth cainte,

8. tráth grá, tráth fuatha,tráth cogaidh, tráth síochána.

9. Cén tairbhe a bhaineann duine as an dúthracht a chaitheann sé lena chuid oibre?

10. Chonaic mé an saothar a thug Dia don chine daonna le déanamh.

11. Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.

12. Is eol dom nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh agus saol sona sásta a chaitheamh fad is beo dó.

13. Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.

14. Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.

15. An ní atá ann anois, bhí sé ann roimhe seo; agus an ní a bheidh ann, bhí sé ann cheana agus bíonn Dia ag síorathnuachan na nithe a bhí ann tráth dá raibh.

16. Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 3