Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 2:14-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chonaic mé gur tairbhí an eagna ná an amaidí faoi mar is tairbhí an solas ná an dorchadas.

15. Tá súile ina cheann ag an saoi; is sa dorchadas, ámh, a shiúlann an daoi. Ach is eol domsa go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh beirt.

16. Arsa mise liom féin mar sin: “Más í cinniúint an daoi mo chinniúntse freisin, cad chuige go mbeinnse chomh heagnaí sin ar fad? Cén tairbhe dom é?” Agus is é a dúirt mé: “Baois is ea é seo chomh maith.

17. Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”

18. Dá thairbhe sin uile, ba ghráin liom an saol seo mar chuir an saothrú uile a dhéantar faoi luí na gréine déistean orm; óir níl sa mhéid sin go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.

19. Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.

20. Agus cé aige a bhfuil a fhios an mbeidh seisean ina shaoi nó ina dhaoi? Ach mar sin féin is faoina chúram sin a bheidh toradh an tsaothraithe go léir a rinne mise chomh cliste sin abhus faoi luí na greine. Baois is ea é seo leis.

21. Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine.

22. Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo.

23. Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?

24. Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.

25. Níl aon ní ann is fearr do dhuine ná ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as a shaothar. Go deimhin, chonaic mé gur ó láimh Dé a thagann sé seo freisin.

26. Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?

27. Óir bronnann Dia eagna agus eolas agus aoibhneas ar an té atá taitneamhach leis ach cuireann sé mar chúram ar an drochdhuine maoin a chruinniú agus a chruachadh ach tabharfar ar ball í do dhuine eile a bhfuil Dia buíoch dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 2