Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 11:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.

7. Nach breá an ní é an solas!Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil!

8. Dá mhéad bliain dá maireann duinebaineadh sé taitneamh astu go léir,agus cuimhníodh ségurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann.Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!

9. Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil,cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige.Siúil de réir spreagadh do chroíagus de réir sholas do shúl.Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Diachun cuntais thú sna nithe seo go léir.

10. Caith an bhuairt amach as do chroí,Díbir an phian ó do chorp.Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 11