Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 11:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.

2. Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

3. Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

4. An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.

5. Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.

6. Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.

7. Nach breá an ní é an solas!Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil!

8. Dá mhéad bliain dá maireann duinebaineadh sé taitneamh astu go léir,agus cuimhníodh ségurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann.Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!

9. Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil,cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige.Siúil de réir spreagadh do chroíagus de réir sholas do shúl.Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Diachun cuntais thú sna nithe seo go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 11