Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 11:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.

2. Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

3. Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

4. An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.

5. Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 11