Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 10:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d'ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.

2. Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal.

3. Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.

4. Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.

5. Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine - botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis:

6. an t‑amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle.

7. Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.

8. An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.

9. An té a bhaineann clocha, d'fhéadfadh sé go ngortófaí leo é; an té a ghearrann adhmad, seans go gcuireann sé é féin i mbaol.

10. Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.

11. Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille.

12. Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.

13. Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 10