Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 1:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Briathra Chóheilit, mac Dháiví atá ina rí in Iarúsailéim.

2. Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!

3. Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?

4. Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.

5. Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as.

6. Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad.

7. Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách.

8. Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí.

9. An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine.

10. Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: “Féach, is rud nua é seo,” bhí sé ann romhainn anallód.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 1