Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 7:20-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Shéid na trí díormaí ar a n‑adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: “(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!”

21. Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.

22. Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.

23. Tionóladh fir Iosrael le chéile ó Naftáilí, ó Áiséar, agus ó Mhanaise go léir, agus chuadar sa tóir ar Mhidián.

24. Chuir Gideón teachtairí trí ardáin Eafráim á rá: “Tagaigí anuas i gcoinne Mhidián, agus gabhaigí na huiscí orthu as seo go Béit Bárá, agus an Iordáin chomh maith.” Tháinig muintir Eafráim go léir dá bhrí sin agus ghabhadar na huiscí as sin go Béit Bárá, agus an Iordáin.

25. Ghabhadar dhá thaoiseach Mhidián, Oraeb agus Zéib; mharaíodar Oraeb ag Carraig Oraeb agus Zéib ag Cantaoir Zéib. Chuadar sa tóir ar Mhidián, agus thugadar cinn Oraeb agus Zéib go Gideón lastall den Iordáin.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 7