Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 7:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'éirigh Iarubál (Gideón is é sin) an-mhoch, agus rinne a lucht leanúna go léir amhlaidh, agus shuíodar a longfort ag Éan Harod; bhí longfort Mhidián lastuaidh díobh, sa chom faoi bhun shliabh Mhóire.

2. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m'aghaidh, á rá: ‘Neart mo láimhe féin a d'fhuascail mé.’

3. Tabhair an fógra seo dá bhrí sin don phobal anois: ‘Téadh aon duine a bhfuil scéin nó eagla air, abhaile.’ ” Chuir Gideón ar a dtriail iad: chuaigh fiche míle abhaile agus d'fhan deich míle.

4. Dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: ‘Tá sé seo le dul i do theannta,’ téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: ‘Níl sé siúd le dul i do theannta,’ ná téadh an té sin i do theannta.”

5. Thug Gideón síos go himeall an uisce iad agus dúirt an Tiarna: ‘Gach duine a dhéanann an t‑uisce a leadhbadh lena theanga, dála an mhadra, cuir i leataobh é; gach duine a théann ar a ghlúine ag ól, cuir ar an taobh eile é.”

6. Ba é líon na ndaoine a leadhb lena dteanga ag cur a lámh lena mbéal, trí chéad fear; chuaigh an chuid eile go léir ar a nglúine ag ól an uisce.

7. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.”

8. Thóg [Gideón] a raibh de chrúscaí agus d'adharca ag an bpobal, agus chuir sé na hIosraelaigh eile go léir chun siúil, gach duine go dtí a bhoth féin, gan ach an trí chéad a choimeád aige féin. Bhí longfort Mhidián sa chom laistíos de.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 7