Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 6:32-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: “Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.”

33. Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil.

34. Tháinig spiorad an Tiarna ar Ghideón: shéid sé ar an adharc agus d'fhreagair Aibíezir go léir a ghlaoch.

35. Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d'fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith.

36. Dúirt Gideón le Dia: “Má tá sé beartaithe agat dáiríre Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú,

37. féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t‑urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.”

38. Agus is amhlaidh a bhí. D'éirigh sé go moch lá arna mhárach, agus d'fháisc an lomra agus bhain lán coirn de dhrúcht as an lomra.

39. Ansin labhair Gideón arís le Dia: “Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.”

40. Rinne Dia amhlaidh an oíche sin; d'fhan an lomra amháin tirim agus bhí drúcht ar an talamh go léir ina thimpeall.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 6