3. Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad;
4. shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.
5. Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.
6. Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.
7. Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián,
8. chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;
9. d'fhuascail mé sibh ó láimh na nÉigipteach, agus ó láimh lucht bhur ngéarleanúna go léir: dhíbir mé romhaibh iad, agus thug mé daoibh a gcuid tailte.
10. Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’
11. Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d'fhonn í a cheilt ar Mhidián,