Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 5:22-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each,Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.

23. “Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna.Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann,Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna,I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.

24. Gura beannaithe Iáéil i measc na mban;Bean Heibir, an Céineach;I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothannaGurab í is mó beannacht.

25. D'iarr sé uisce agus thug sí dó bainne;Thug sí gruth dó i gcorn flaithiúil.

26. Shín sí a lámh agus rug ar an bpionnaAgus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí.Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc;Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.

27. Thit sé agus síneadh ar lár faon ag a cosa é.Thit sé chun láir agus lántalún agus bhí sé ansiúd ina chnap.

28. Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog,Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl.“Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht?Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?”

29. Tugann an té is mó gaois ar a mná uaisle freagra,Freagra a dhéanann sí a aithris di féin.

30. “Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh,agus ag roinnt na creiche?- Ógbhean nó beirt do gach laoch;Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará;Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!”

31. Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna!Go raibh do chairde mar an ghrian,Agus í ag éirí i lán a nirt!Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 5