Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 5:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd:

2. Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaothAgus tháinig an pobal i láthair le flosc.Molaigí an Tiarna dá bharrsan.

3. Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha!Canfaidh mé don Tiarna,Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.

4. A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír,Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm,Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh,Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.

5. Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna,Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.

6. I laethanta Sheamgar mac Anát,I laethanta Iáéil,Tugadh cúl leis an mbóthar mór;Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.

7. Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam,Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá,Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.

8. An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do DhiaNí raibh focal astu.As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath,Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!

9. Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael,Agus don mhuintir a sheas an fód go calma.Molaigí an Tiarna dá bharrsan!

10. A lucht falaireachta ar asail chróna,Le diallaití saibhre fúibh,Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre,Canaigí laoi

11. le gártha lúcháire an phobail,Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce.Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd,As beannachtaí a réimis in Iosrael.(Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 5