Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 4:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór,

13. chuir sé fios ar a charbaid go léir - naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon.

14. Dúirt Deabórá le Bárác: “Bí i do shuí! Óir seo é an lá ina bhfuil an Tiarna ag tabhairt an lámh in uachtar duit ar Shíseará! Nach bhfuil an Tiarna ag gabháil romhat amach?” Síos le fána Shliabh Tábór le Bárác de ruathar agus deich míle fear ar a shála.

15. Chuir an Tiarna an teitheadh ar Shíseará agus ar a charbaid agus ar a shluaite go léir le faobhar claímh roimh ionsaí Bhárác. Phreab Síseará anuas dá charbad agus theith sé de chois.

16. Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil.

17. Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.

18. Tháinig Iáéil amach i gcoinne Shíseará agus dúirt leis: “Tar anseo, a thiarna, agus fan anseo faramsa; ná bíodh eagla ort.” D'fhan sé ina both dá bhrí sin agus chludaigh sí é le súsa.

19. Dúirt sé léi: “Tabhair dom deoch bheag uisce le do thoil mar tá tart orm.” D'oscail sí seithe bainne dá bhrí sin, thug deoch dó agus chlúdaigh arís é.

20. Ansin dúirt sé léi: “Seas ag béal na botha agus má thagann aon duine agus ceist a chur ort: ‘An bhfuil aon duine anseo?’ abair: ‘Níl.’ ”

21. Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d'éag sé.

22. Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.” Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn.

23. Threascair an Tiarna Iábaín rí Chanán os comhair chlann Iosrael an lá sin.

24. Luigh clann Iosrael níos troime agus níos troime ar Iábaín rí Chanán go dtí gur scriosadar Iábaín rí Chanán.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 4