Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 4:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a d'éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.

2. Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím.

3. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

4. Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.

5. Shuíodh sí faoi phailm Dheabórá idir Rámá agus Béitéil in ardáin Eafráim agus thagadh clann Iosrael chuici chun a gcaingne a réiteach.

6. Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: “Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: ‘Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.

7. Déanfaidh mise Síseará ceann feadhna arm Iábaín a mhealladh amach i d'aghaidh ar bhruach abhann Chiseon lenaa charbaid agus lena shluaite, agus tabharfaidh mé ar láimh duit é.’ ”

8. D'fhreagair Bárác í: “Má théann tusa liom, rachaidh mé; mura dtéann tú liom, ní rachaidh mé [mar nach eol dom conas an lá a thoghadh ar a dtabharfadh aingeal an Tiarna an bua dom].”

9. “Rachaidh mé leat, más ea,” ar sí, “ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.” Ansin d'éirigh Deabórá ina seasamh agus d'imigh go Ceidis i dteannta Bhárác.

10. Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta.

11. Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis.

12. Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór,

13. chuir sé fios ar a charbaid go léir - naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 4