6. Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: “Tá treibh gearrtha chun siúil d'Iosrael inniu.
7. Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”
8. Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,
9. mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann.
10. Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus d'ordaigh dóibh: “Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile.