Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 21:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. D'fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann.

15. Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael.

16. Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: “Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?”

17. Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d'fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?

18. Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”

19. “Ach, féach!” ar siad, “tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.” (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.)

20. Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: “Téigí i luíochán sna fíonghoirt

21. agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 21