Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 21:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.”

2. Chuaigh an pobal go Béitéil agus d'fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.

3. Dúradar: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán d'Iosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?”

4. Lá arna mhárach, d'éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.

5. Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.

6. Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: “Tá treibh gearrtha chun siúil d'Iosrael inniu.

7. Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”

8. Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,

9. mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann.

10. Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus d'ordaigh dóibh: “Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile.

11. Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.” Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.]

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 21