Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 20:38-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair,

39. agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.”

40. Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, d'fhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas.

41. Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.

42. Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t‑arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil.

43. Thimpeallaíodar Biniáimin; rinneadar tóir gan taise gan trócaire orthu, agus bhascadar iad lastoir os comhair Gheaba.

44. Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile.

45. Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.

46. Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d'fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile.

47. Ach d'éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d'fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí.

48. D'fhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus d'imir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 20