Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 20:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”

19. Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.

20. Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá.

21. Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin.

22. D'imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d'fhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.”

23. Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.

24. Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá;

25. ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.

26. Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.

27. Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t‑am sin,

28. agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”

29. Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá.

30. Ar an tríú lá ghluais clann Iosrael in aghaidh chlann Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar os comhair Ghibeá dála na n‑uaireanta eile.

31. Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n‑uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d'arm Iosrael.

32. Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.” Ach sé dúirt arm Iosrael: “Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre.

33. Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.”

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 20