Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 20:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir.

18. Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”

19. Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.

20. Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá.

21. Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin.

22. D'imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d'fhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.”

23. Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.

24. Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá;

25. ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.

26. Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 20